Cad is ceart a dhéanamh má fhulaingíonn tú mar gheall ar Iompraíocht Fhrithshóisialta
Déan Teagmháil le: An Garda Síochána ag 999 nó le do stáisiún áitiúil
Má tá tú i do thionónta ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas déan teagmháil le:
01-4149000 nó ríomhphost cccounter@sdublincoco.ie
Saorfón 1800 200 245 agus fág teachtaireacht le sonraí den iompraíocht fhrithshóisialta nó Comhlánaigh Foirm Thuairisce Eachtra Fhrithshóisialta agus cuir ar aghaidh í chuig ár nIonad Cúram Custaiméirí i dTamhlacht/Oifigí na Cathrach Cluain Dolcáin, nó Téigh chuig Roinn Tithíochta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas
Mura bhfuil tú i do thionónta ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas déan teagmháil le: le do Stáisiún Gardaí áitiúil
Déan teagmháil leis an mBord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe (BTCP): public.prtb.ie
Bunaíodh an BTCP i mí Mheán Fómhair 2004 le córas náisiúnta clárúcháin tionóntachtaí a oibriú agus le haighnis idir tiarnaí talún agus tionóntaí a réiteach. Mar chuid dá shainordú, tugann an BTCP comhairle bheartais don Rialtas maidir leis an earnáil phríobháideach cíosa. Glacann seirbhís réiteach aighnis an BTCP áit na gcúirteanna maidir le formhór na n-aighneas idir tiarnaí talún agus tionóntaí