Bunaíodh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) in 2013 d'fhonn cur chuige comhleanúnach comhtháite i leith na forbartha áitiúla agus pobail sa Chontae a fhorbairt, a chomhordú agus a fheidhmiú. Tugann an CFPÁ comhaltaí agus oifigigh an údaráis áitiúil, ionadaithe ó ghníomhaireachtaí Stáit, an Chuideachta Forbartha Áitiúil agus an Líon Rannpháirtíochta Poiblí le chéile.
Tá 19 gcomhalta ar CFPÁ Átha Cliath Theas. An chomhaltacht reatha:
Comhaltacht CFPÁ | Ionadaíoch agus Earnáil |
Príobháideach | |
An Dr. Phil Mulvaney | Pobal |
An tOll Mary P. Corcoran | Roinn na Socheolaíochta, OÉ Maigh Nuad |
Folúntas | Pobal |
Larry O’Neill | Comhpháirtíocht SDC |
Folúntas | Comhlachas Bhaile Átha Cliath Theas |
Justin Byrne | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
Aiden Lloyd | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
Tricia Nolan | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
Gerry Stockil | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
Maurice Walsh | Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
Andy Leeson | Seirbhísí Óige |
Poiblí | |
An Clr Alan Hayes | Comhairleoir |
An Clr Kieran Mahon | Comhairleoir |
An Clr David McManus | Comhairleoir |
Pádraig Rehill | Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte |
Deirdre McKeon | Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire |
Marguerite Gallagher | An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta |
Thomas Rooney | An Oifig Fiontair Áitiúil |
Colm Ward | Comhairle Contae Átha Cliath Theas |
Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail
Tar éis comhairliúchán leitheadach d'ullmhaigh an CFPÁ agus an Coiste Beartais Straitéiseach Forbartha Eacnamaíochta Plean Eacnamaíochta agus Pobail Áitiúil 6 bliana in 2015. Clúdaíonn an Plean an tréimhse 2016-2021. Tá cóip den phlean, lena n-áirítear an plean gníomhaíochta do 2016 ar fáil anseo.
SICAP (Plean Cuimsiú agus Gníomhachtú Sóisialta)
Cuireann an Plean Cuimsiú agus Gníomhachtú Sóisialta (SICAP) 2018-2022 maoiniú ar fáil le dul i ngleic le bochtaineacht agus le heisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí.
Tá sé á riaradh ag Pobal agus á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus faigheann sé maoiniú freisin ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama (PEIL) 2014-2020.
Pléann SICAP le leibhéil arda díothachta le cur chuige spriocdhírithe nuálach, atá faoi stiúir áitiúil. Tugann sé tacaíocht do phobail agus daoine aonair faoi mhíbhuntáiste lena n-áirítear daoine dífhostaithe, daoine atá ina gcónaí i gceantair dhíothacha, daoine faoi mhíchumas, teaghlaigh aontuismitheora, daoine ar ioncam íseal, baill den phobal Taistealaithe agus Romach agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste.
Déanann 33 CFPÁ bainistiú go háitiúil ar an gclár, le tacaíocht na n-údarás áitiúil, agus déanann Feidhmithe Cláir na gníomhartha a sheachadadh.
Oibríonn Feidhmithe Cláir le pobail imeallaithe agus le soláthraithe seirbhísí le cur chuige forbartha pobail le saol na ndaoine a fheabhsú. Mar shampla, cabhrú le daoine obair nó scileanna nua a fháil, oiliúint CV nó cúrsa forbartha pearsanta a chur ar fáil, cabhrú leo dul ar chlár socrúchán oibre ar nós CE nó Tús.
Is é an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil atá freagrach as conarthaí SICAP a bhronnadh trí chomórtas. Ceapadh Comhpháirtíocht Chontae Átha Cliath Theas (Comhpháirtíocht SDC) chun conradh 2018-2022 a reáchtáil.
Tá eolas faoi obair SICAP ar fáil ag:
- Suíomh gréasáin Pobal: https://www.pobal.ie/Cláir/clár-cuimsiú-sóisialta-agus-gníomhú-pobail-sicap-2018-2022/
- Suíomh Comhpháirtíochta SDC: https://sdcpartnership.ie/sicap/
- Nó déan teagmháil le Andrew Lane, ar 01-414-9270 nó ag alane@sublincoco.ie
Tá an Clár Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2018-2022 á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus á chomh-mhaoiniú ag an gCiste Sóisialta Eorpach faoin gClár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.