Environment Banner Image

Tobhach Mála Plaisteach

Tobhach Málaí Plaisteacha

Tugadh Tobhach na Málaí Plaisteacha isteach in Éirinn sa bhliain 2001.  Nuair a iarrann custaiméir mála plaisteach ní mór don miondíoltóir muirear €0.22 a ghearradh de ghnáth ar gach mála a sholáthraítear.  Tá eisceachtaí ann do mhálaí de mhéideanna áirithe, málaí le haghaidh torthaí úra, glasraí gan pacáistiú, feoil agus táirgí áirithe eile.  Ní mór don mhiondíoltóir an tobhach a chur mar mhír ar admhálacha scipéid airgid a thugtar don chustaiméir.

Bailíonn an miondíoltóir an tobhach ag an bpointe díola agus íoctar an t-airgead níos déanaí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Íoctar an t-airgead a bhailítear as an tobhach isteach i gCiste Comhshaoil a íocann as tionscadail éagsúla comhshaoil agus as costais fhorfheidhmithe. Ó tiomsaíodh an tobhach tá méid an bhruscair ó mhálaí plaisteacha sa chomhshaol ar fud na tíre laghdaithe go mór.  Den chuid is mó baineann custaiméirí úsáid as málaí plaisteacha in-athúsáidte agus tá málaí páipéir á n-úsáid ag a lán miondíoltóirí atá níos báúla leis an gcomhshaol.

Gearáin agus Forfheidhmiú

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas freagrach as Rialachán Thobhach na Málaí Plaisteacha a fhorfheidhmiú i limistéar Chontae Átha Cliath Theas.

Féadann baill den phobal gearáin a dhéanamh má chreideann siad nach bhfuil an tobhach á ghearradh i gceart ag miondíoltóirí. Le gearán a dhéanamh, déan teagmháil le 01-4149000 agus iarr cead labhartha leis an oifig um Fhorfheidhmiú Comhshaoil.

Nó is féidir gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Comhairle Contae Átha Cliath Theas,

Rannóg um Fhorfheidhmiú (Tobhach Málaí Plaisteacha)

An Roinn Seirbhísí Comhshaoil

Halla an Chontae

Tamhlacht,

Baile Átha Cliath 24

Is féidir teagmháil ríomhphoist a dhéanamh leis an gComhairle ag info@sdublincoco.ie

Glacann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le gearáin chomh maith, nuair a chuirtear sárú líomhaintí i gContae Átha Cliath Theas in iúl don Roinn.

Nuair a fhaightear gearán déantar é a fhiosrú le cuairt ar an láthair ó dhuine atá údaraithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola.  Go minic is leor rabhadh ó bhéal a thabhairt do mhiondíoltóirí sna cúinsí seo.  Ach má dheimhnítear go bhfuil na sáruithe ag leanúint ar aghaidh, féadfar ionchúiseamh a thosú sa Chúirt Dúiche.

Naisc ghaolmhara:

Tá breis faisnéise faoi Thobhach na Málaí Plaisteacha ar fáil ar Shuíomh Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Is féidir na Rialacha um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Málaí Plaisteacha), 2001 a léamh nó a íoslódáil ón Shuíomh Gréasáin Leabhar na Reachtanna, leathanach na nIonstraimí Reachtúla.