Coucnil Banner Image

Páirceáil Inrochtana

Páirceáil Inrochtana

Is í mapáil na páirceála inrochtana a sholáthraíonn an Chomhairle an chéad chéim de chleachtadh mapála níos leithne. Tá an léarscáil ar fáil anseo.

Tá páirceáil inrochtana ar fáil le húsáid do thiománaithe/paisinéirí faoi mhíchumas ag, nó in aice le, formhór fhoirgnimh agus saoráidí poiblí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas lena n-áirítear:

· Halla an Chontae, Tamhlacht;

· Oifigí na Cathrach, Cluain Dolcáin;

· Ar Fud Líonra na Leabharlanna;

· Formhór na saoráidí Pobail;

· Reiligí Bhóthar na Bruíne, Eiscir agus Sagairt; agus

· In ionaid éagsúla ar fud líonra na bPáirceanna.

Tá aip fóin chliste ar fáil le haghaidh iPhone agus Android le híoslódáil saor in aisce a thaispeánann spásanna páirceála inrochtana ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath. Gliogáil ar cheann de na naisc a leanas leis an leagan ceart a íoslódáil le haghaidh d'fhón:

iPhone Dublin Parking App

Android Dublin Parking App

Páirceáil Inrochtana Phoiblí i gContae Átha Cliath Theas