Coucnil Banner Image

Treoracha

Treoracha

Treoracha chuig Ardoifig CCÁCT, Oifig Thamhlachta

directionstotallaghtsmall

Treoracha chuig ár Lárionad Cathrach, Cluain Dolcáin.

directionstoclondalkinsmall

I gCarr ar an M50

Tóg an bóthar ó dheas ar an M50 agus fág é ag timpeallán Thamhlachta. Lean na comharthaí go Tamhlacht. Tá tú ag taisteal ar an N81. Lean an bóthar seo ar feadh timpeall 5km trí na timpealláin agus na soilse tráchta. I measc na sainchomharthaí a rachaidh tú tharstu tá an Plaza Hotel (ar do dheis) agus Ionad Siopadóireachta na Cearnóige (páirc phoiblí ar clé). Tiocfaidh tú ar an gcasadh faoi dheis do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas go luath tar éis dul thar na sainchomharthaí seo. (Lean na comharthaí don Ospidéal). Tóg an dara casadh ar do dheis agus gabh díreach tríd an timpeallán. Feicfidh tú an bealach isteach go Comhairle Contae Átha Cliath Theas ar do dheis.

Is ar bhonn gach duine ar a sheal féin a bhíonn an pháirceáil, agus tugtar tús áite do bhaill foirne.

Tá seacht spás páirceála inrochtana ar an suíomh do thiománaithe/paisinéirí faoi mhíchumas.

Ar bhus:

Fágfaidh na busanna seo a leanas tú lasmuigh de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas – 49, 49A, 50, 54A, 65, 65B, 65C, 77, 77A. Fágann na busanna seo go léir ó Ché Éidin i Lár na Cathrach in aice le Sráid Uí Chonaill.

  • Tagann an 75 ó Dhún Laoghaire
  • Tagann an 76 ó Bhaile Formaid
  • Tagann an 76A ó Bhaile Bhlainséir
  • Busanna áitiúla i dTamhlacht is ea an 201 agus an 202.

Tá sonraí faoi na stadanna bus ar na bealaí seo ar fáil ó Iosta Bhus Átha Cliath (01-7034533) nó ó Sheirbhís Faisnéise Paisinéirí Bhus Átha Cliath (01-8734222) nó ar a suíomh gréasáin www.dublinbus.ie

Tá faisnéis rochtana do phaisinéirí ar mhíchumas ar fáil ag: http://www.dublinbus.ie/en/Your-Journey1/Accessibility/

Iarr ar thiománaí an bhus insint duit nuair atá tú ag druidim le Comhairle Contae Átha Cliath Theas.

Ar Thacsaí

Cosnaíonn tacsaí ó lár Bhaile Átha Cliath go Comhairle Contae Átha Cliath Theas timpeall €35. Ní suim chruinn é seo agus ní thugtar é ach mar nod den chostas a bheadh ar dhuine a dhéanann an rogha seo.

Ar an Luas

Tóg an Líne Dhearg ó Stáisiún Uí Chonghaile, trí Shráid Jervis agus Stáisiún Heuston go dtí An Chearnóg, Tamhlacht. Cóid (http://www.myloc8ion.com/ ) Loc8

Is é NR4-51-L03 an cód Loc8 do Halla an Chontae, Tamhlacht(http://www.myloc8ion.com/index.php/maps/conf_page5/?f=648&b=1386495893&g=3&e=2&p=NR4-51-L03)

Domhanleithead agus Domhanfhad: 53 céim;17'22'' N, 6 céim;22'20'' W nó i gcéimeanna deachúla: +53.28964, -6.37238

Is é NS5-91-39D an cód Loc8 don Lárionad Cathrach, Cluain Dolcáin (http://www.myloc8ion.com/index.php/maps/conf_page5/?f=658&b=1154605653&g=3&e=2&p=NS5-91-39D)

Domhanleithead agus Domhanfhad: 53 céim;19'24'' N, 6 céim;23'41'' W nó i gcéimeanna deachúla: +53.32360, -6.39495