News-Banner-Image

Nuacht

TITHE INACMHAINNE AR FÁIL LE CEANNACH AG Parkleigh, Seven Mills, Cluain Buiríosa, Baile Átha Cliath 22

24 Nov 23

Is é Parkleigh an chéad chomharsanacht in Seven Mills, an baile nua i mBaile Átha Cliath 22. Suite ar an gCanáil Mhór idir Leamhcán agus Cluain Dolcáin, tá an pobal seo díreach 13 km ó lár na cathrach agus deartha mar cheantar áisiúil agus nasctha. Níl Parkleigh ach cúpla nóiméad ó stáisiún traenach

Chluain Dolcáin - Chnoc an Fhuaráin, agus tá roinnt busbhealaí ag freastal ar an gceantar agus tá sé gar don M50, N7 agus N4.

 Tá 25 teach trí sheomra leapa á ndíol ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas faoi shocrú ceannaigh teaghaise inacmhainne. Níl na tithe seo, faoi réir eisceachtaí, á gcur ar fáil ach do cheannaitheoirí céaduaire.

 Díolfar na tithe seo ar phraghas atá níos ísle ná an luach margaidh. Beidh an praghas ceannaigh inacmhainne atá le híoc nasctha le hioncam an iarrthóra/na n-iarrthóirí (agus coigilteas más cuí) agus acmhainn mhorgáiste.

8863---Affordable-Homes-Ad---v7---irish-fonts-replaced50

8863---Affordable-Homes-Ad---v7---irish-fonts-replaced50.jpg (size 2.5 MB)

ENG_IR_876_[1]_Final-Affordable-Homes-Infographic.jpg (size 281.1 KB)