News-Banner-Image

Nuacht

Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2026

12 Feb 26

 

South Dublin County Council (SDCC) and SDCC Libraries in partnership with Áras Chrónáin are delighted to bring you this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT).

SnaGÁCT festival was launched officially on 10 February at Ballyroan Library by the Mayor of South Dublin, Cllr Pamela Kearns, joined by Bernard Dunne, patron of this year’s festival.   They were joined by pupils from Gaelscoil Chnoc Liamhna and Ballyroan Boys School. The programme will run from 1– 17 March.

This year’s packed calendar has events for everyone and to suit all ages, including a great gig with KILA on Saturday 7 March, broadcaster, actor and podcaster Sinéad Ní Uallacháin in conversation with SDCC Irish Officer Muireann Ní Cheannabháin on 9 March, many workshops from art to music, and of course coffee mornings throughout the county. In line with SDCC’s purpose, Opportunity for All, there are events to cater for everyone, no matter your level of Irish. You could attend a bilingual event and pick up some new words in one of our Libraries, have a chat at a coffee morning in Aon Scéal? Café, or even take an Intensive Irish class in Áras Chrónáin in the heart of Clondalkin village.

SDCC is proud to support Seachtain na Gaeilge by creating more opportunities to interact with the language and encouraging people to use and speak Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Slán.

Speaking at the launch, Mayor of South Dublin Cllr Pamela Kearns said:

 

“It is wonderful to see so many pupils here from local schools. You are lucky to have such a beautiful library on your doorstep and I hope you visit regularly. I would encourage you and your teachers to speak a little Irish every day, everywhere, with everyone, and most of all to have fun learning new words and phrases as Gaeilge that you can practise at home with your families and friends.”

This year’s Patrún SnaGÁCT, Bernard Dunne, was delighted to launch the event along with the Mayor of South Dublin and said: “There are so many wonderful events being organised throughout South Dublin County this year. I would like to thank everyone who helped in putting together the calendar. It is a great opportunity for us all to use more spoken Irish.”

 

For further information on upcoming events across the county and to download the brochure please visit www.sdcc.ie.

-Ends-

Seoladh Sheachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas 2026 i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin

 

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Leabharlanna Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo a reáchtáil.

Sheol Méara Átha Cliath Cliath Theas, Clr Pamela Kearns, féile SnaGÁCT go hoifigiúil ar an 10 Feabhra i leabharlann Bhaile Uí Ruáin in éineacht le patrún na bliana seo, Bernard Dunne. Bhí daltaí scoile ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna agus Ballyroan Boys School i láthair chomh maith.

Tá imeacht a d’fheilfeadh do chách i bhféilire na bliana seo, ina measc tá ceolchoirm le Kíla ar an Satharn 7 Márta, an craoltóir, aisteoir, agus podchraoltóir iomráiteach Sinéad Ní Uallacháin i gcomhrá le Muireann Ní Cheannabháin, Oifigeach Gaeilge na comhairle, ceardlanna ealaín agus ceoil, agus maidineacha caife ar fud an chontae. Ag teacht le cuspóir na comhairle, Deiseanna do Chách, tá imeachtaí eagraithe le freastal ar gach leibhéal cumais sa teanga. D’fhéadfá freastal ar imeacht dátheangach agus cúpla focal nua a fhoghlaim sna leabharlanna, comhrá a bheith agat ag maidin chaife in Aon Scéal? Café i dTamhlacht, nó fiú freastal ar Dhianchúrsa Gaeilge in Áras Chrónaín i gcroílár shráidbhaile Chluain Dolcáin.

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag tacú le Seachtain na Gaeilge trí níos mó deiseanna a chruthú chun an teanga a úsáid, ag spreagadh daoine chun an Gaeilge a labhairt gach lá, ag tosú le frásaí simplí ar nós “go raibh maith agat” agus “slán”.

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Méara Átha Cliath Cliath Theas, Clr Pamela Kearns:

“Tá sé iontach an líon mór daltaí as scoileanna áitiúla a fheiceáil. Tá an t-ádh libh go bhfuil leabharlann chomh hálainn leis seo ar leac an dorais agaibh, agus tá súil agam go dtugann sibh cuairt uirthi go rialta. Ba mhaith liom sibh a spreagadh le beagán Gaeilge a labhairt gach lá, i ngach áit, le gach duine, agus sult a bhaint as focail agus frásaí nua Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh sa bhaile le bhur dteaghlaigh agus le bhur gcairde”.

Bhí rímead ar Phátrún SnaGÁCT na bliana seo, Bernard Dunne, an fhéile a sheoladh in éineacht le Méara Átha Cliath Theas agus dúirt:

“Tá an oiread sin imeachtaí iontacha á n-eagrú ar fud Chontae Átha Cliath Theas i mbliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an gclár a chur le chéile. Is seans iontach dúinn ar fad é le níos mó Gaeilge a labhairt.”

Le haghaidh breis eolais agus chun an bróisiúr a íoslódáil, téigh chuig www.sdcc.ie.

 

-Deireadh-

 

Next Item

< Back