Ciste Bonneagar Pobail 2026
Aithníonn Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag na heagraíochtaí pobail go léir atá ag obair le chéile ar bhonn leanúnach chun feabhsúcháin a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach inbhuanaithe ionchuimsitheach chun freastal ar riachtanais a bpobal áitiúil.
Glacfar le hiarratais ar Chiste Bonneagar Pobail Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas ón Déardaoin, an 12 Márta 2026.
Is ciste de €450,000 é an Ciste Bonneagar Pobail lena gcuirtear deis ar fáil do Ghrúpaí Pobail (lena n-áirítear Clubanna Spóirt) cur isteach ar mhaoiniú, chun cabhrú leo an costas a bhaineann le tógáil Áiseanna Pobail nó áitribh atá ann cheana féin a nuachóiriú agus/nó a shíneadh, a chlúdach, measfar iarratais ó íosmhéid de €5,000 go dtí uasmhéid de €50,000.
An spriocdháta d’fhoirmeacha iarratais ar líne atá comhlánaithe ina n-iomláine do Chlár Ciste an Bhonneagair Pobail ná: Dé Déardaoin 16 Aibreán ar 4pm.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag an nasc thíos:
