Round-Tower-Centre-Banner-Image

Cuimsiú Sóisialta

Cuimsiú Sóisialta

CAD ATÁ I GCEIST LE CUIMSIÚ SÓISIALTA AGUS BOCHTAINEACHT

Is ionann sochaí le cuimsitheacht shóisialta agus sochaí ina dtugtar aitheantas do gach duine agus ina mothaíonn siad go mbaineann siad léi. Cinntítear go mbíonn rannpháirtíocht iomlán ag gach ball den phobal lena n-áirítear grúpaí mionlaigh ar nós Taistealaithe, daoine scothaosta, daoine le míchumais, teifigh, lucht iarrtha dídine, inimircigh, daoine aeracha/leispiacha/déghnéasacha srl sa chinnteoireacht.  I rith na bliana eagraímid imeachtaí, gníomhaíochtaí, comórtais, tograí agus tionscadail éagsúla le gach duine a spreagadh le bheith rannpháirteach sa phobal. Ina measc tá an tSeachtain Eorpach in Aghaidh an Chiníochais, Féilte Bealtaine do dhaoine gníomhacha ar scor agus Seachtain an Chuimsithe Shóisialta i mí na Samhna.

Maireann daoine i mbochtaineacht má tá a n-ioncam agus a n-acmhainní (ábhartha, cultúrtha agus sóisialta) chomh huireasach sin nach féidir caighdeán maireachtála a bheadh inghlactha go ginearálta i sochaí na hÉireann a bheith acu. Mar gheall ar ioncam íseal agus uireasa acmhainní féadfaidh daoine a bheith eisiata ón rannpháirtíocht i ngníomhaíochta a bheadh gnách do dhaoine eile sa tsochaí.

Tá bunachar sonraí de theagmhálacha ag Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Úsáidtear an liosta teagmhálacha seo le teagmháil a dhéanamh le daoine maidir le himeachtaí a bheidh á n-eagrú ag an Roinn Pobail, Siamsaíochta agus Spórt. Bheadh an tSeachtain Eorpach in Aghaidh an Chiníochais, Féile Bhealtaine, Blas Átha Cliath Theas, an tSeachtain Sláinte agus Folláine, Ceiliúradh Chuimsiú Sóisialta agus imeachtaí Aois-Bháúla/Tús Nua san áireamh.

Féadaimid a dheimhniú go gcoinneofar do shonraí pearsanta i bhfoirm leictreonach ar scarbhileog le cosaint fhocal faire ar líonra slán agus go mbeidh aon chóipeanna crua de na sonraí faoi ghlas i gcófra daingean.

Más mian leat a bheith curtha ar an liosta seo comhlánaigh an fhoirm teagmhála Cuimsiú Sóisialta agus cuir ar aghaidh é chuig an Aonad Cuimsiú Sóisialta, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 nó ar ríomhphost chuig socialinclusionunit@sdublincoco.ie.