Coucnil Banner Image

Cosaint Sonraí

Cosaint Sonraí

Mar go bhfuil oifigí na Comhairle dúnta le feidhmiú na mbeart nua COVID-19 iarrtar orthu siúd ar mian leo iarratais Saoráil Faisnéise a chur faoi bhráid é sin a dhéanamh ar ríomhphost chuig foi@sdublincoco.ie.

Is í aidhm an Chosaint Sonraí ceart príobháideachais an duine aonair a chosaint maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta ag na daoine a rialaíonn na sonraí sin. Is iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018, mar a leagtar síos rialacha maidir le príobháidachas sonraí pearsanta a chosaint, a chuimsíonn réimsí amhail fáil, próiseáil, coimeád, úsáid, nochtadh, cruinneas, oiriúnacht, coinneáil agus ceart an duine aonair a gcuid sonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú, an reachtaíocht a rialaíonn é seo. Baineann an reachtaíocht le sonraí pearsanta a choinnítear i bhformáid láimhe agus leictreonach araon. Trasuí ar threoracha ábhartha an Aontais Eorpaigh go dlí na hÉireann atá sa reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.

Cuimsítear beartas Cosaint Sonraí agus Treoirlínte Comhlíonta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas sa bhfaisnéis ábhartha d'fhoireann agus do pháirtithe leasmhara na Comhairle.

Is féidir rochtain a fháil ar an Reachtaíocht a rialaíonn Cosaint Shonraí agus an comhthéacs reachtúil ar an nasc atá ceangailte. Tá suíomh gréasáin á chothabháil ag an gCoimisiún um Shaoráil Faisnéise mar a bhfuil faisnéis, foilseacháin agus acmhainní eile ar díol spéise iad don phobal agus do rialaitheoirí sonraí.