Coucnil Banner Image

Painéal Comhairleach / Comhairliúcháin

Painéal Comhairleach / Comhairliúcháin

Bunaíodh Painéal Comhairleach / Comhairliúcháin Míchumais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas i mí Eanáir 2010. Is comhthogra é idir Comhairle Contae Átha Cliath Theas (CCÁCT), Bord Forbartha Contae Átha Cliath Theas (BFCÁCT), agus daoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí nó ag obair sa Chontae.

Is í an fheidhm atá againn comhairle a thabhairt don CCÁCT ar phríomhcheisteanna atá ábhartha do shaol agus do leasanna daoine faoi mhíchumas sa Chontae; agus ról comhairleach agus comhairliúcháin a bheith acu (de réir mar is cuí) maidir le forbairtí sa Chontae atá faoi stiúir na Comhairle.

Painéal deonach atá ann a thagann le chéile uair sa mhí. Tá spéis phearsanta nó ghairmiúil ag gach ball a chinntiú go bhfuil na háiseanna, na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an Chomhairle deartha le bheith inrochtana ag gach ball dár bpobal, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Tá a lán againn inár mbaill de ghrúpaí deonacha míchumais sa tír agus táimid gníomhach le fada maidir le saincheisteanna míchumais. Tá sé d'aidhm againn próisis chomhairliúcháin ar fud na tíre a fheabhsú seachas a n-áit a ghlacadh.

Tá a fhios againn go gcaithfimid an chaoi a ndéantar an Contae a bhainistiú a thuiscint le bheith éifeachtach. Ní mór dúinn freisin iad siúd atá freagrach as pleanáil agus cinnteoireacht sa Chontae a spreagadh chun coinneáil suas chun dáta le straitéisí idirnáisiúnta agus náisiúnta a thugann cumhacht do dhaoine faoi mhíchumas páirt iomlán a ghlacadh i ngach gné de shaol an phobail. Tá an-chuid comhoibriú ag teastáil dó seo.

Chomh maith le comhairle a sholáthar do Phleanálaithe, Ailtirí, Leabharlannaithe, Oifigigh Spóirt agus mar sin de, agus mar sin de, eagraímid seimineár amháin gach bliain chun díriú ar shaincheisteanna lárnacha agus aird a tharraingt orthu. In 2017 rinne an seimineár ceiliúradh ar ghnóthachtála an Phainéil 2010 - 2017, lena n-áirítear nuashonruithe a sholáthar ar ábhair seimineáir roimhe seo; agus pléadh rochtain ar thírdhreach, ar chultúr, ar fhóillíocht agus ar oidhreacht i gContae Átha Cliath Theas. Glacaimid páirt sa tSeachtain Náisiúnta Rochtana gach bliain chomh maith agus scríobhaimid ar leathanach Facebook Átha Cliath Theas.

In 2015 bronnadh moladh Dea-Chleachtais sa Rannpháirtíocht Saoránach orainn i nGradaim Feabhais i Chumann Chomhlachais Tráchtála na hÉireann do Rialtais Áitiúil.

Comhaltaí an Phainéil

· Daoine aonair faoi Mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i gContae Átha Cliath Theas - agus comhaltaí nó daoine atá gníomhach in:

· DeafHear.ie

· Grúpa Gníomhaíochta Míchumais Leamhcáin

· Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

· Teach Bhaile an tSíbhrigh Teo

· Clubtheach Phoenix

· Grúpa Leasanna Míchumais Chomhpháirtíocht Chontae Átha Cliath Theas

· Diostróife Mhatánach Éireann

· Imeascadh Éireann

· Cumann na gCúramóirí

· Seirbhísí Faisnéise na Saoránach - Abhcóidí Míchumais na gContae

· Seirbhísí Stewart

Tá dearadh uilíoch á chur chun cinn againn i gcónaí in 2018 agus tá ár bplean oibre bliantúil á chur i bhfeidhm againn. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bPainéal tríd an Oifigeach Teagmhála Míchumais, Rochtana agus Comhionannais.