Environment Banner Image

Athrú Aeráide

Athrú Aeráide

Athrú Aeráide

Tá aeráid Bhaile Átha Cliath ag athrú, agus cruthaíonn sé seo dúshláin mhóra do gach duine a chónaíonn sa réigiún. Mar gheall air seo, tá Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019-2024 cumtha ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas i gcomhar le Codema (Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath) agus Oifig Réigiúnach Gníomh Aeráide Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Plean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide

Agus tarluithe adhaimsire ag tarlú níos minice in Éirinn is léir gá an tionchar atá againn ar an gcomhshaol a laghdú, agus iarmhairtí athrú aeráide ar gheilleagar agus ar shaoránaigh Átha Cliath Theas a laghdú dá réir.

Tá freagairt chomhoibritheach á forbairt ag ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath ar an athrú aeráid, i gcomhar le hOifig Réigiúnach Gníomhaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath um Athrú Aeráide (CARO) agus Gníomhaireacht Bainistíochta Fuinnimh Chathair Bhaile Átha Cliath (Codema) le ceithre Phlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide a fhorbairt.  Cé go mbaineann gach plean lena limistéar feidhme féin, glacadh le cur chuige aontaithe d'fhonn na dúshláin a iniúchadh agus le freagairt d'aighneachtaí iomchuí réigiúnaithe. Tá físeán faisnéise ar fáil anseo.

Tar éis comhairliúchán poiblí a dhéanamh go luath sa bhliain 2019, cuireadh tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar na haighneachtaí i láthair Chomhaltaí Tofa na Comhairle agus vótáil siad d'aonghuth glacadh leis an dréacht agus cuireadh an plean ar aghaidh le foilsiú.

Cad a tharlóidh anois?

Tá an plean foilsithe anois agus tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag obair le ceithre phríomhsprioc a bhaint amach:

  • Feabhsú 33% ar éifeachtúlacht fuinnimh na Comhairle faoin mbliain 2020;
  • Laghdú 40% in astuithe gás ceaptha teasa faoi 2030,
  • Réigiún seasmhach aeráide a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath, trí thionchair eachtraí a bhainfidh le hathrú aeráide a laghdú.
  • Plé a dhéanamh go gníomhach leis na saoránaigh agus iad a chur ar an eolas faoi athrú aeráide.

Tá Foireann Athrú Aeráide ag obair leis na Foirne Gníomhaíochta sa chúig phríomhlimistéar gníomhaíochta le seachadadh éifeachtúil an phlean a chinntiú.

I measc na ngníomhaíochtaí i gcúig phríomhlimistéar gníomhaíochta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas áirítear tá:

Fuinneamh agus Foirgnimh:
  • 4,000 Solas Poiblí a uasghrádú go LED agus Soilse LED a shuiteáil i bhfoirgnimh na Comhairle
  • Feidhmíocht fuinnimh shaoráidí fóillíochta na Comhairle a uasghrádú
  • Forbairt Scéim Téamh Ceantair Thamhlachta. Tógann an tionscadal teas fuíll ó ionad tráchtála sonraí agus athdhíríonn sé é go foirgnimh cónaithe sa chomharsanacht agus chuig Ospidéal Thamhlachta.
  • Aisfheistiú ar stoc tithíochta sóisialta na Comhairle le grianchumhacht san áireamh
Iompar:
  • Leathnú ar Líonra Bealaí Glasa agus Raonta Rothar an Chontae
  • Níos mó feithiclí leictreacha a chur i bhflít na Comhairle
  • Aistriú córa iompair go hiompar ísealcharbóin a spreagadh go leanúnach. Tá 51 saoráid rothar suiteáilte cheana féin ag an gComhairle ar fud an chontae, chomh maith le locair rothar
Athléimneacht Tuilte:
  • Scéimeanna breise maolú tuilte a fhorbairt sa chontae ar nós An Teampall Geal agus An Poitéal
  • Bainistíocht trasteorann tuilte i gcomhar le húdaráis áitiúla sa chomharsanacht
  • Ár bpleananna freagairt éigeandála a chomhordú
Réitigh bunaithe ar an dúlra:
  • Móinéir le bláthanna fiáine a fhorbairt le pailniú a spreagadh
  • Gairdíní pobail agus cuibhrinn a leathnú amach ar mhaithe le táirgeacht bia áitiúil
  • Liosta de na speicis dhúchasacha sa Chontae agus léarscáileanna a dhéanamh de na gnáthóga atá i mbaol
Bainistiú Acmhainní
  • Fuaráin uisce phoiblí a thabhairt isteach ar mhaithe le spleáchas ar phlaistigh aon úsáide a laghdú
  • Tacaíocht agus spreagadh leanúnach do thograí na mbailte slachtmhara
  • Breis forbartha ar fheachtais laghdú dramhbhia i scoileanna agus gnóthais
  • Tá Grúpa Gníomhaíochta Rannpháirtíochta Saoránach bunaithe freisin le rannpháirtíocht agus feasacht a mhéadú sa phobal in Átha Cliath Theas.