Coucnil Banner Image

An Teanga Gaeilge

An Ghaeilge

Scéim Gaeilge Chomhairle Contae Átha Cliath Theas 2020-2023

Aithníonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas go bhfuil sé de cheart ag baill an phobail a ngnó a dhéanamh ina rogha teanga agus éascófar a ndéileáil linn i mBéarla nó i nGaeilge. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá custaiméirí i dteideal seirbhísí sonracha a fháil trí Ghaeilge lena n-áirítear freagraí ar chomhfhreagras i nGaeilge agus mórfhoilseacháin a bheith ar fáil i nGaeilge m.sh. an Tuarascáil Bhliantúil Is é príomhchuspóir na Scéime Teanga seo a chinntiú go mbeidh seirbhís phoiblí de chaighdeán níos airde ar fáil trí Ghaeilge, mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre. Tá an scéim deimhnithe ag an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus beidh feidhm léi ar feadh tréimhse 3 bliana. Má tá aon cheist nó moladh agat cuir ríomhphost chuig gaeilge@sdublincoco.ie Fógrófar imeachtaí Gaeilge ar leathanach imeachtaí na Comhairle.

Scéim na Gaeilge 2020-2023