Skip to main content
Strategic Plan

Ár bhFoireann

Ár bhFoireann

Tá foireann Bhaile Átha Cliath Theas Gníomhach (Active South Dublin) tiomanta do chláir, thograí, agus chomhpháirtíochtaí ardchaighdeáin a sholáthar a chuireann stíl mhaireachtála ghníomhach, fholláin chun cinn ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá ról lárnach ag gach ball foirne maidir lenár misean a bhaint amach, agus tugann siad fócas agus saineolas ar leith leo lena chinntiú go bhfreastalaímid ar riachtanais ár bpobal ina bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla.

  • Déanann Thomas McDermott, an Ceann Spóirt agus Áineasa, maoirseacht ar straitéis agus ar threoir thrí chéile Bhaile Átha Cliath Theas Gníomhach, ag cinntiú go dtagann ár gcuid spriocanna leis na riachtanais áitiúla agus na tosaíochtaí náisiúnta.
  • Bíonn Tracey Kelly, an Riarthóir Spóirt, i bhfeighil na hoifige ó lá go lá, ag tabhairt tacaíocht thábhachtach dár bhfoireann agus ag cinntiú go ritear cláir i gceart.
  • Treoraíonn Ellen Connolly, an tOifigeach Cumarsáide agus Margaíochta, ár n-iarrachtaí an pobal a spreagadh, an scéal is deireanaí a roinnt, imeachtaí a chur chun cinn, agus cur le feasacht an phobail maidir lenár gcuid oibre trí chumarsáid éifeachtúil.
  • Cuireann Elizabeth Dunne, an tOifigeach Sinsearach Foirne, ardbhainistíocht agus comhordú ar fáil chun gach tionscadal agus gach togra a choinneáil ar an mbóthar ceart.
  • Díríonn Darragh Conway, Oifigeach na gCathracha Gníomhacha, ar chláir a bhaineann go sonrach le ceantair uirbeacha a chur le chéile, a chruthaíonn deiseanna do dhaoine páirt a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil sa chathair.
  • Tacaíonn Helen Dwyer, an tOifigeach Forbartha Spóirt (Pobal), le clubanna áitiúla, grúpaí, agus pobail chun cur leis an rannpháirtíocht agus leis an rochtain ar an spórt agus ar an ngníomhaíocht.
  • Bíonn Bernard Robinson, an tOifigeach Forbartha Spóirt (Scoileanna), ag obair go díreach le scoileanna chun an ghníomhaíocht fhisiciúil a mheascadh leis an ngnáthamh laethúil agus glúnta amach anseo de shaoránaigh ghníomhacha a fhorbairt.
  • Siobhan Gallier, an tOifigeach Ionchuimsitheacha agus Míchumais sa Spórt, i gceannas ar an rochtain agus ar an ionchuimsitheacht, lena chinntiú go mbíonn deis ag gach duine, beag beann ar chumas, páirt a ghlacadh sa spórt agus san áineas.

Le cois ár bpríomhfhoirne, cómhaoinímid róil thiomnaithe Oifigigh Forbartha Spóirt i gcomhpháirtíocht le ceanneagraíochtaí amhail FAI, Leinster Rugby, CLG, Cricket Leinster, agus Cumann Cispheile na hÉireann. Cinntíonn na róil seo go bhforbraítear cláir a bhaineann go sonrach leis an spórt, agus go gcuirtear ar fáil iad chun freastal ar riachtanais phobail Bhaile Átha Cliath Theas.

Le chéile, bíonn ár bhfoireann ag obair gan stad gan staonadh chun deiseanna dáiríre, ionchuimsitheacha, inbhuanaithe a chruthú do dhaoine idir óg agus aosta, ar gach leibhéal cumais, chun sult a bhaint as buntáistí na stíle maireachtála gníomhaí.