Skip to main content
Strategic Plan

Treodóireacht

Treodóireacht

 

Cad is treodóireacht ann?

Is spórt dúshlánach, iontach é an treodóireacht a nascann an rith le do bhealach a dhéanamh. An aidhm atá ann ná do bhealach a dhéanamh idir pointí marcáilte ar léarscáil ag leibhéil éagsúla deacrachta in oiriúint do do chumas agus d’aois. Ag leibhéil iomaíocha na treodóireachta, an aidhm atá ann ná an cúrsa a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir.

An dtaitneodh sé liomsa?

Feileann an treodóireacht do dhaoine idir óg agus aosta agus do gach leibhéal corpacmhainne. Is féidir leat rith, bogshodar, nó siúl thart ar an gcúrsa treodóireachta. Tabharfaidh an treodóireacht thú chuig áiteanna iontacha, nua ar fud na hÉireann lena n-áirítear foraoisí, taobh cnoic oscailte, fearann páirce agus ceantair uirbeacha. Is féidir leat páirt a ghlacadh agus an cúrsa a shiúl chun sult a bhaint as an dúiche mórthimpeall, nó is féidir leat an dúshlán a fhreagairt ag roinnt dár leibhéal iomaíoch chun tuilleadh brú a chur ort féin.

Cén Trealamh a theastaíonn uaim?

Ní theastaíonn aon trealamh speisialta uait chun triail a bhaint as an treodóireacht. Caith éadaí compordacha agus bróga oiriúnacha le bheith taobh amuigh. Roghnaigh do chuid éadaí bunaithe ar an mbeidh tú ag siúl, ag bogshodar nó ag rith. Nuair a bhíonn an t-imeacht treodóireachta ar siúl taobh amuigh sa choill, caith luiteoga nó treabhsar fada. Seans go n-éireofá beagáinín fliuch agus salach, mar sin cuimhnigh ar bhróga agus ar éadaí sa bhreis a thabhairt leat.

Conas a thosaím?

Is féidir triail a bhaint as an treodóireacht ag www.orienteering.ie nó bain úsáid as MapRun (aip ar an bhfón) a ligean duit cúrsa treodóireachta a rith nó a shiúl i do chuid ama féin ag baint úsáid as GPS d’fhóin.

I mBaile Átha Cliath Theas, tá na MapRun seo a leanas ar fáil go poiblí faoi láthair:

  • Páirc Chorcaí, Cluain Dolcáin
  • Páirc Bhaile Choilín
  • Tigh Brodáin
  • Coill Thine Ifrinn
  • Masseys Wood
  • Tigh an Chnoic

Tá na léarscáileanna seo uilig ar fáil le húsáid ar aip MapRun.

Tá cúig chlub i mBaile Átha Cliath a fheidhmíonn i gceantar Bhaile Átha Cliath Theas, agus bíonn imeachtaí ar siúl go rialta i rith na bliana. Tá siad ar fáil ar www.orienteering.ie/fixtures. Más maith leat tuilleadh a fháil amach faoin treodóireacht téigh chuig na hacmhainní anseo.