Skip to main content
Strategic Plan

Ag siúl

Grúpaí Siúil Pobail agus Áitiúla

Is bealach iontach iad grúpaí siúil le bheith gníomhach, leis an meabhairshláinte a fheabhsú agus le naisc le do phobal a chruthú. Cibé acu atá tú ag iarraidh níos mó aclaíochta a dhéanamh, sult a bhaint as a bheith amuigh faoin aer, nó bualadh le daoine nua, is rogha iontach é dul isteach le grúpa siúil nó ceann a chur ar bun. Ní hamháin go gcuidíonn a bheith ag siúl le chéile leis an tsláinte fhisiciúil a fheabhsú, ach cruthaíonn sé spás don idirghníomhú sóisialta, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca cloí leis an aclaíocht rialta agus mothú gur chuid de do phobal áitiúil tú.

I mBaile Átha Cliath Theas Gníomhach, tacaímid le fás ar ghrúpaí siúil ar fud an chontae agus spreagaimid iad. Is féidir linn cabhrú le grúpaí, cibé acu atá tú ag iarraidh ceann a chur ar bun i do cheantar nó teacht ar cheann atá ann cheana féin le dul isteach ann. Tá grúpaí siúil oiriúnach do gach duine is cuma cén aois iad agus cén leibhéal aclaíochta atá acu. Tá bealaí siúlóide éagsúla le roghnú astu agus mar sin tá rud éigin oiriúnach ann do chách. 

Siúl agus Caint: Eiseamláir de Ghrúpaí Siúil Pobail

Eiseamláir iontach de thionscnamh siúil rathúil is ea iad na grúpaí Siúil agus Cainte. I gcomhpháirtíocht leis an gceannaire pobail áitiúil Stephen Brennan, tá sé ghrúpa Siúil agus Cainte curtha ar bun againn i mBaile Átha Cliath Theas. Tá na grúpaí sin ceaptha é a dhéanamh níos éasca do dhaoine tús a chur le bheith ag siúl go rialta.

Siúlóid 5-6km sa cheantar áitiúil a dhéanann grúpaí Siúil agus Cainte de ghnáth, agus téann siad bealach difriúil gach uair. Ní dhíríonn siad ar an ngníomhaíocht choirp agus sin amháin i rith na siúlóidí sin, ach ar an gceangal sóisialta a thagann le bheith ag siúl le chéile freisin. Cibé acu atá á lorg agat; bealach chun bheith ag caint le daoine fad agus a dhéanann tú aclaíocht, nó sult a bhaint as rud éigin difriúil, tá an dá rud sin le fáil sna grúpaí siúil seo.

An mBeadh Spéis Agat do Ghrúpa Féin a Chur ar Bun?

Más spéis leat grúpa Siúil agus Cainte a chur ar bun i do cheantar, is féidir linn tacaíocht a thabhairt duit! Cuireann Baile Átha Cliath Theas Gníomhach treoir agus acmhainní ar fáil chun cabhrú leat tús a chur leis an ngrúpa. Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig info@sdublincoco.ie

Chun liosta iomlán de na grúpaí Siúil agus Cainte a fháil, lena n-áirítear sonraí teagmhála cheannairí na ngrúpaí, nó más mian leat tuilleadh a fháil amach, seol ríomhphost chuig info@sdublincoco.ie nó cuardaigh Walk and Talk ar na meáin shóisialta. Bímis ag siúl agus ag déanamh ceangal le daoine eile inár pobal!