Skip to main content
Strategic Plan

Ón Tolg go 3k

Ón Tolg go 3k

Cibé acu ag siúl nó ag rith atá tú ag iarraidh a bheith, is féidir leat a bheith gníomhach leis an gclár ar líne Ón Tolg go 3k. Clár 6 seachtaine atá ann agus is féidir leat bheith ag traenáil cibé am a oireann duit.

Tá an clár saincheaptha chun cabhrú le tosaitheoirí cur lena gcorpacmhainn siúil agus dul chun cinn a dhéanamh go dtí go mbeidh siad in ann bheith ag bogshodar go réidh.

Is clár simplí é. Tosaíonn daoine amach ag déanamh níos mó siúil ná bogshodar agus de réir a chéile déanann siad níos mó bogshodair ná siúl. Níl gá leibhéal áirithe corpacmhainne a bheith ag daoine, níl le déanamh ach gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad 3 sheisiún in aghaidh na seachtaine fad a bheidh an clár ar bun.

Moltar duit an aip MapMyRun a íoslódáil chun do thraenáil agus do dhul chun cinn seachtainiúil a rianú. Tá an aip le fáil anseo .

 

 

Séanadh: Ba cheart duit a thuiscint go bhféadfadh díobháil fhisiciúil tarlú agus tú ag déanamh aclaíocht ar bith nó clár aclaíochta ar bith.

Ach páirt a ghlacadh san aclaíocht seo nó sa chlár aclaíochta seo, comhaontaíonn tú go bhfuil tú á dhéanamh ar do phriacal féin, go bhfuil tú ag glacadh páirte go deonach sna gníomhaíochtaí seo, go nglacann tú gach riosca díobhála ort féin, agus go gcomhaontaíonn tú do Chomhairle Contae/Comhpháirtíocht Áitiúil Spóirt roghnaithe agus aon chomhpháirtí eile atá rannpháirteach sa chlár seo a scaoileadh saor ó aon éileamh agus gach éileamh, ó aon chúis chaingne agus gach cúis chaingne, bíodh nó ná bíodh siad ar eolas, a d'eascródh as páirt a ghlacadh sa chlár seo ar líne.