Clár Damhsa A Cuid Steipeanna
Is cúis bhróid do Bhaile Átha Cliath Theas Gníomhach é tacú leis an gClár Damhsa A Cuid Steipeanna, a thugann deis do chailíní páirt a ghlacadh sa damhsa agus sa ghníomhaíocht choirp ar bhealach spraíúil agus cruthaitheach. Reáchtáladh babhta den chlár i Meánscoil Chill an Ardáin agus i bPobalscoil Aodháin i dTamhlacht nuair a mhaoiníomar clár damhsa a mhair ar feadh na scoilbhliana uile.
Sna scoileanna sin, tugadh deis do chailíní leis an gClár Damhsa A Cuid Steipeanna chun eolas domhain a chur ar shaol an damhsa, anuas ar bhuneolas. Ní hamháin gur fhoghlaim na daltaí steipeanna damhsa, ach ghlac siad páirt i gcóiréagrafaíocht, scannánú agus ceol freisin, rud a thug deis dóibh a gcruthaitheacht a fhiosrú agus iad féin a chur in iúl trí ghluaiseacht. Ag deireadh na bliana, chuir na cailíní a gcuid oibre crua agus a gcuid cruthaitheachta ar taispeáint le seó beo do mhuintir a gcuid scoileanna i rith thionól dheireadh na bliana. Bhain na scoileanna an-sult as na seónna agus ba cheiliúradh tábhachtach do na daltaí iad.
Ghlac thart ar 30 cailín i Meánscoil Chill an Ardáin agus 40 cailín i bPobalscoil Aodháin páirt sa chlár gach seachtain. Ba é sin a t-aon ghníomhaíocht choirp a rinne roinnt mhaith de na cailíní i rith na seachtaine, ós rud é nár ghlac siad páirt i ranganna corpoideachais go rialta. Thug an clár bealach inrochtana agus taitneamhach do na daltaí sin fanacht gníomhach agus muinín as a gcumas a chothú.