A Cuid Gluaiseachtaí Clár Tógála Meáchan
Chomh maith leis an gclár damhsa i Meánscoil Chill an Ardáin agus i bPobalscoil Aodháin, reáchtálamar clár A Cuid Gluaiseachtaí i gColáiste Bríde, a dhírigh ar Thógáil Meáchan. Ceapadh an clár tógála meáchan sin chun cailíní a chur i mbun traenáil nirt agus chun iad a chumhachtú tríd an ngníomhaíocht choirp. D’fhoghlaim na cailíní na teicnící cearta chun meáchan a thógáil agus cleachtaí chun neart a chothú, agus d’fhoghlaim siad faoi na buntáistí a bhaineann le tógáil meáchan don aclaíocht agus don fholláine fhoriomlán.
Bhí sé mar aidhm ag an gclár deireadh a chur le steiréitíopaí faoi thógáil meáchan agus deis a chur ar fáil do chailíní neart fisiciúil agus athléimneacht mheabhrach a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil agus neamhbhreithiúnach. Ní raibh taithí ag roinnt mhaith de na cailíní i gColáiste Bríde ar ghníomhaíochtaí bunaithe ar neart roimhe sin agus thug an clár bealach nua dóibh chun dúshlán a chur rompu féin agus féinmhuinín a chothú. Trí rochtain ar thógáil meáchan a chur ar fáil, bhí sé mar aidhm ag Baile Átha Cliath Theas Gníomhach agus A Cuid Gluaiseachtaí tuiscint ar chumhachtú a thabhairt do na cailíní agus rannpháirtíocht fhadtéarmach i dtraenáil nirt a chur chun cinn ar mhaithe le sláinte, aclaíocht agus fás pearsanta.
Trí thionscnaimh amhail an clár A Cuid Gluaiseachtaí, cruthaíonn Baile Átha Cliath Theas Gníomhach deiseanna do chailíní óga páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht choirp, eolas a chur ar spóirt nua, agus níos mó muiníne a bheith acu as a gcumas féin. Táimid tiomanta tacú leis an gcéad ghlúin eile de chailíní gníomhacha, agus cuidiú leo tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp agus folláine mar chleachtadh ar feadh an tsaoil.