Bunscoileanna
Tá Baile Átha Cliath Theas Gníomhach tiomanta do thacú le bunscoileanna stíleanna maireachtála níos sláintiúla, níos gníomhaí a chur chun cinn. Dírímid ar dheiseanna ionchuimsitheacha a thabhairt do gach páiste—do bhuachaillí agus do chailíní, dóibh siúd a bhfuil leibhéil éagsúla cumais acu, agus daltaí a bhfuil leibhéil scileanna éagsúla acu. Tá ár gcláir deartha go mbeadh an ghníomhaíocht fhisiciúil spraíúil agus inrochtana, ag cabhrú le bunchlocha láidre a thógáil do shaol lán sláinte agus aclaíochta.
I measc ár gclár, áirítear:
- Deontas do Chlár Bliantúil Snámha
Tairgeann Baile Átha Cliath Theas deontas bliantúil do bhunscoileanna chun cabhrú le cláir shnámha a mhaoiniú. Bíonn deontais idir €500 agus €1,500, ag brath ar chúinsí amhail líon na ndaltaí, cé acu an scoil DEIS nó scoil speisialta í, agus tacaíocht a fuarthas roimhe seo. Is féidir le scoileanna cur isteach ar mhaoiniú ag deireadh na scoilbhliana (mí Bealtaine), agus cuirtear an maoiniú ar fáil don chéad scoilbhliain eile.
- Lúthchleasaíocht
Clár Trastíre Tá an Clár Trastíre dírithe ar dhaltaí rang a 3 go rang a 6, agus bíonn an t-imeacht mór ar fud an chontae ar siúl i bPáirc Chorcaí de ghnáth. Cé go mbíonn an t-imeacht níos lú mar gheall ar easpa foirne, táimid ag obair ar mhaithe le scoileanna áitiúla a thabhairt le chéile d’imeachtaí níos lú, ina ndírítear ar an rannpháirtíocht agus ar an taitneamh, ní ar chomórtais ná ar bhoinn.
- Clár Triail a Bhaint as Cluichí Raon & Faiche de chuid Athletics Ireland
Bíonn gníomhaíochtaí mar shampla an rith, an léim, agus an caitheamh i gceist leis an gclár seo, a thugann cóitseálaí cáilithe lúthchleasaíochta chuig rogha scoileanna faoi mhíbhuntáiste ar feadh tréimhse sé seachtaine. Déanann Baile Átha Cliath Theas Gníomhach fóirdheonú ar chuid den chostas (60-80%), agus clúdaíonn scoileanna agus Athletics Ireland an chuid eile den chostas. Cuireann imeacht áitiúil ag saoráid lúthchleasaíochta clabhsúr ar an gclár, amhail Tallaght Athletic Club nó Lucan Harriers, go bhfaighidh daltaí taithí ar na saoráidí áitiúla iontacha seo.
- Ealaín Chomhraic – Cicdhornálaíocht
Tairiscint nua, a bhfuil an-tóir uirthi is ea an clár cicdhornálaíochta, a mbíonn teagascóir cláraithe ina bhun ar feadh seisiúin sé seachtaine do ranganna sinsearacha. Is clár é seo a bhfuil fóirdheonú suntasach á dhéanamh air, agus bíonn costais dhifriúla i gceist leis ag brath ar cé acu an scoil DEIS atá i gceist nó nach ea. Tá an bhéim ar an spraoi agus ar an bhfócas araon.
- Dornálaclaíocht
Is clár é Dornálaclaíocht a bhfuil an-tóir air, go háirithe sna ranganna sinsearacha. Teagascóir cáilithe dornálaclaíochta a bhíonn ina bhun, agus dírítear sa chlár ar an gcorpacmhainn, ar an spraoi, agus ar láidreacht a thógáil, agus bíonn daltaí ar fud Bhaile Átha Cliath Theas an-tógtha leis dá bharr sin.
- Treodóireacht
Is gníomhaíocht iontach áineasa í an treodóireacht a cheadaíonn do dhaltaí ar gach leibhéal cumais a bheith ag obair le chéile i bhfoirne measctha. Tá cúrsaí treodóireachta ag Baile Átha Cliath Theas Gníomhach i bPáirc Thigh Motháin, i bPáirc Chorcaí agus i bPáirc Ghleann an Ghrífín, ina bhfuil bealaí gairide, meánacha agus fada. Tugaimid léarscáileanna agus bileoga freagraí chun cabhrú leis na gníomhaíochtaí. Anuas air sin, cuirimid oiliúint treodóireachta fóirdheonaithe ar fáil do mhúinteoirí, ag cabhrú le scileanna fadtéarmacha a thógáil.
Cláir eile
Anuas ar na cláir a liostáiltear thuas, tacaíonn Baile Átha Cliath Theas Gníomhach le réimse spóirt a chuireann oifigigh spóirt ar fáil atá cómhaoinithe ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas. Ina meas sin tá Cispheil, Cruicéad, Rugbaí, Cluichí Gaelacha, agus Sacar. Má tá spéis ag do scoil in aon cheann de na gníomhaíochtaí seo, téigh i dteagmháil linn, agus tabharfaimid na sonraí teagmhála cuí duit.
Má tá suim ag do scoil i ngníomhaíochtaí eile, mar shampla Eitpheil, Friosbaí, Badmantan, nó Rothaíocht, cuir ar an eolas muid, agus déanfaimid iarracht freastal ar d’iarratas.
Táimid tiomanta do lorg buan a fhágáil ar scoileanna, agus maidir le roinnt gníomhaíochtaí, molaimid do mhúinteoirí tabhairt faoi thraenáil. Bíonn an traenáil seo saor in aisce nó déantar fóirdheonú suntasach uirthi, ionas gur féidir le múinteoirí leanúint orthu ag tacú leis an ngníomhaíocht fhisiciúil ina gcuid scoileanna ar feadh na mblianta.