Skip to main content
Strategic Plan

Éirigh Gníomhach

Éirigh Gníomhach

Is fearrde thú éirí gníomhach, beag beann ar d’aois, do leibhéal cumais, nó do chúlra. Is é atá i gceist leis ná caitheamh aimsire nua a thosú, do shláinte a chothú, agus bualadh le daoine eile. Anseo i gContae Átha Cliath Theas, cuirimid réimse leathan gníomhaíochtaí agus clár ar fáil le cuidiú leat thú féin a bhogadh, mothú níos fearr, agus saol folláin a chaitheamh.

Is féidir leat páirt a ghlacadh mar seo a leanas:

  • Pobail Ghníomhacha: Foghlaim faoi thionscnaimh áitiúla i do cheantar féin. Ó ghrúpaí siúil i measc an phobail agus ranganna corpacmhainne sa pháirc go gníomhaíochtaí spóirt agus imeachtaí atá oiriúnach do theaghlaigh, tá rud éigin ann do chách le sult a bhaint as agus páirt a ghlacadh ann.
  • Óige Ghníomhach: Ceapadh na cláir seo le haghaidh scoláirí bunscoile agus meánscoile, agus spreagann siad daoine óga le fanacht gníomhach trí ghníomhaíochtaí mealltacha spraíúla, sna scoileanna agus i measc an phobail araon.
  • Aois Ghníomhach: Bí folláin i measc daoine eile agus tú ag dul in aois. Cuirimid gníomhaíochtaí inrochtana nach gcuireann mórán brú ar an gcorp ar fáil, a chuireann corpacmhainn, caidreamh sóisialta, agus folláine ghinearálta chun cinn le haghaidh daoine scothaosta.
  • Ionchuimsiú Gníomhach: Ag cinntiú go bhfuil fáil ag cách ar ghníomhaíocht choirp. Tá ár gcláir ionchuimsitheacha saincheaptha chun tacú le daoine faoi mhíchumas nó leo siúd a mbíonn deacrachtaí acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí.
  • Fir Ghníomhacha: Cláir agus imeachtaí atá ceaptha chun fir a spreagadh chun iad féin a bhogadh, fanacht folláin, agus bualadh le daoine eile i dtimpeallacht thacúil.
  • Mná Gníomhacha: Gníomhaíochtaí agus deiseanna corpacmhainne a chuireann ar chumas na mban iad féin a bhogadh, féinmhuinín a fhorbairt, agus sult a bhaint as stíl mhaireachtála níos folláine.

Breathnaigh trí na míreanna éagsúla le teacht ar na gníomhaíochtaí a oireann duit féin, do do theaghlach, nó do do phobal. Le chéile táimid ag forbairt Chontae Átha Cliath Theas ina ceantar cónaithe beo bríomhar.